Date: 2nd Feb 2027 - 2nd Nov 2026
Time: 20:00
Location: Cultúrlann Uí Chanáin
Price: £12
Book Now

I ndiaidh eisiúint a thriú halbam a fuair ardmholadh, seinnfidh an fidiléir as Inis Eoghain, Jack Houston, agus a bhanna ceoil An Fhidil Bhriste | The Broken Fiddle mar chuid de thuras seolta albaim. Is meascán d’fhoinn thraidisiúnta ó Oirthear Dhún na nGall agus de shaothair nua é An Fhidil Bhriste, a amharcann ar théamaí féiniúlachta cultúrtha agus oidhreachta, Gaeilge agus Albainis, agus áilleacht na neamhfhoirfeachta agus botúin a dhéanamh.

Beidh tacaíocht ag Jack ó Líofa, an banna úr spreagúil as Gaoth Dobhair a bhfuil a dtaispeántais dhraíochtúla fréamhaithe go daingean i dtraidisiúin fidiléireachta agus amhránaíochta Ghaeltacht Thír Chonaill.


Is cuma Gaeilge líofa nó bhriste agat – bí linn agus beidh Oirthear agus Iarthar Dhún na nGall ag teacht le chéile fá choinne oíche mhór lán d'fhidleoireacht phléascach, amhráin agus scéalaíocht.