Archive: IMBOLC 2021

Curtha i láthair ag IMBOLC
Clár speisialta de Bheo Ar Éigean ar mhaithe le Seachtain na Gaeilge le Energia
le Siún Ní Dhuinn, Áine Ní Bhreisleáin, agus Sinéad Ní Uallacháin

IMBOLC Presents
A special edition of Beo Ar Éigean for Seachtain na Gaeilge le Energia
with Siún Ní Dhuinn, Áine Ní Bhreisleáin, agus Sinéad Ní Uallacháin

Is as Gaoth Dobhair i nDún na nGall d’Áine Ni Bhreisleáin. Láithreoir raidió í ar an chlár siamsaíochta ‘Bladhaire’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá sí sa raidió ó 2015. Chaith sí 7 mbliana roimhe sin mar thuairisceoir le Nuacht RTÉ/TG4. Tá suim ar leith aici i mbéaloideas, amhráin agus litríocht Dhún na nGall agus i ndúlra an cheantair.

Is ó Dhun Dealgán, Condae Lú í Siún Ní Dhuinn ó dhúchas, bean atá ag cur fuithi anois i mBaile Átha Cliath. Tá sí ag obair mar Chomhordaitheoir Digiteach Gaeilge do RTÉ agus baint aici fosta leis an chlár StaidAir le Bláthnaid Treacy. 

Is as Baile an Éanaigh i gCorca Dhuibhne Sinéad Ní Uallacháin. Tá sí ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDomhnach Broc ó 2007 agus í anois ag léiriú an chláir ‘Tús Áite’. Tá suim mhór aici san aisteoireacht agus san ealaíon agus bíonn sí mar aoi ar go leor cláracha teilifíse do TG4.